Donegal County Council Logo
Home > Services > Planning > Planning Policy > NWRA Regional Spatial and Economic Strategy

Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair - An Dréachtstraitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíoch

 

Rinneadh an Dréachtstraitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíoch ó Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair a fhoilsiú le haghaidh comhairliúchán poiblí an 19 Samhain 2018.

 

Is é cuspóir na Straitéise tacú le cur chun feidhme an Chreata Náisiúnta Pleanála, ar a dtugtar Éire 2040, agus le beartais agus cuspóirí eacnamaíocha an Rialtais trí chreat fadtéarmach pleanála agus eacnamaíoch a chur ar fáil a bheidh ag teacht leis an Chreat Náisiúnta Pleanála agus le beartais agus cuspóirí eacnamaíocha an Rialtais.

 

Agus an Dréachtstraitéis á hullmhú, tugadh aird ar Thuarascáil Comhshaoil a ullmhaíodh de réir na Treorach maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus de réir I.R. Uimh 436/2004 – na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) (arna leasú). Bhí Tuarascáil Breithmheasa ar an Riosca Tuile Réigiúnach ag gabháil leis an Tuarascáil Comhshaoil.  Ullmhaíodh Tuarascáil Tionchair Natura (chun bonn eolais a chur faoin Mheasúnacht Chuí) de réir Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga freisin.

 

Tá nasc chuig an Dréachtstraitéis ar shuíomh Gréasáin Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair tugtha thíos. Chomh maith leis sin, tugtar leis an nasc rochtain ar na doiciméid ghaolmhara timpeallachta, is iad sin: Tuarascáil Comhshaoil ar an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Ráiteas Tionchair Natura agus Measúnacht ar an Riosca Tuile Réigiúnach. Tá nasc eile tugtha freisin chuig an fhógra poiblí gaolmhar a foilsíodh sa Sunday Business Post an 18 Samhain 2018.

 

An Dréachtstraitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíoch

 

Fógra Poiblí

 

Glacfar le haighneachtaí maidir leis an phróiseas comhairliúcháin suas go dtí 17.00 an 8 Feabhra 2018. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

Ar líne:    www.nwra.ie/RSES

R-phost:  [email protected]

Post:      ‘Aighneachtaí maidir leis an Dréachtstraitéis Réigiúnach Spásúil agus

Eacnamaíoch’, Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, An Chearnóg, Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin. F45 W674